Ceol ’s Rann
Fágfaidh mé mo bheannacht
ag an tír seo
taistealóidh mé
thar sáile
fágfaidh mé an drochshaol
taobh thiar dhíom
‘s rachaidh mé
gan mhoill
Is fada an bóthar é
ó Chríoch Lochlann
‘s níl aon rud agam ach
ceol ’s rann
Amach faoi na sléibhte
amuigh faoin spéir
a’ siúl na gcoillte
gach ceann go léir
Is fada an bóthar é
ó Chríoch Lochlann
’s níl aon rud agam ach
ceol ’s rann
Níl gá ag mo ghrá liom
‘s mairim in uaigneas
san oíche i m’árasán
oibrím gan suaimhneas
Is fada an bóthar é
ó Chríoch Lochlann
’s níl aon rud agam ach
ceol ’s rann