An Bóthar Siar
Ar mo lámh dheis barra na cruaiche
‘s mé ag dul an bóthar siar
Phreab mé i dtreo na míntíre
‘s d’fhag mé an réimse sin taobh thiar
Chonaic mé taillte bána ‘s coillte
le hais an bhóthair riastáilte
Go gasta bhí amhras orm
go raibh botún ar mo learscáil
Bhí athrú mór ar an tírdhreach
ón gceann deireannach a bhí ann
Chas mé sean-amhrán gan mhoill
‘s chuimhnigh mé ar na focail bhinne